Nic Éinrí, Úna - Canfar an Dán (an Sagart 2003) 9781903896167 - Documents cheannach canada gé ar líne

Nic Éinrí, Úna - Canfar an Dán (an Sagart 2003) 9781903896167

Dec 11, 2015

Documents

airgead-na-gcainiocoiri
  • ..-- .c-.. anfar an fj)án ÚNA NIe ÉINRÍ
  • Canfar an Dán Uilliam English agus a Chairde Úna Nie Éinrí Pádraig Ó Cearbhaill: Eagarthóir Cúnta agus Amhránaí Micheál Ó Súilleabháin: Cornhairleoir Ceoil Frances Boland: Ealaíontóir Tá An Sagart buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don leabhar seo An Sagart An Daingean 2003
  • An Chéad ChIá 2003 © Úna Nie Éinrí agus Pádraig Ó Cearbhaill Sa tsraith chéanna: ISBN 1 903896 169 ISSN 0791 3583 1. Orthaí Cosanta sa Chráifeacht Cheilteach 2. Aisling agus Tóir 3. Ár Seanscéalaíocht 4. Scéalta agus Seanchas Phádraig Uí Ghrifín 5. Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá 6. Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge 7. Éist leis an gCóta 8. An Cantaire Siúlach: Tadhg Gaelach 9. Béalra: Aistí ar Theangeolaíocht na Gaeilge AN CINNIRE LAIGHNEACH A CHLÓIGH
  • " Clár an Abhair Réamhrá Cúlra na Filíochta Téacs na nDánta Cé Easpaitheach d'Éirinn Éag Mhic Golairnh na dTreas Turraing Támha Sheáin Mhic Gearailt Mo Chumannsa Thiar an Diagaire Dornhnall Faoin uair a Dhruideas chun Fírinne ar Fónarnh Mar Chéile ' Ghabhaimse leatsa Is Rake Mé Maíodh Gach nAon a Shlí sa tSaol A Óigfuir Ghrinn cé Binn do Dhréacht Ag Tarraingt ar Aonach na gCoirríní Níl Súgaíocht ná Dúil Ghrinn go Brách im' Ghaobhar Tá Ainnir Chaoin le Seal ' om' Chloí Do Tharla inné orm Tá Óigbhean sa Tír Is é Seon an Siollaire Ar Leaba Aréir is Mé im' Shuan 'Eolcha Gasta an Deigh-bhídh A Bhé na bhFód nGlas Ródach Rannach Cé Sin Amuigh? M' atuirse Traochta na Fearchoin Aosta Stadaig d'bhur nGéarghol, a Ghasra Chaornh so A Bhalsam Dheas Mhaorga gan Ghangaid gan Aon Locht Mo Dhainid go nÉagaid na Fearchoin Aosta AChara 's a Chléirigh ba Thaitnearnhach Tréitheach Fanaig go nÉisteam a Cheathair ar Chaoga Cá bhFuil bhur Saothar le Daichead is Caoga? Tá an Fharraige ag Taoscadh 's an Talarnh ag Réabadh Is Fada do Ghaelaibh in Achrann Éigin Tríom' Aisling do Smúineas 9 15 67 68,173 70, 178 76,186 78, 192 79, 193 81,196 82, 197 83,199 84,200 86,202 88,203 90,205 92,206 95,210 96,212 98,215 100,216 102,218 105,221 106,223 107,224 108,225 110,229 112,230 113,231 114,232 115,233 116,233
  • Dá dTagadh ár bPrionsa go Meanmnach Súgach Is Déarach an Bheart do Chéile ghil Airt Is Fada mo Chiach gan Riar ar Dhántaibh 's a Éadbhaird Aoibhinn Uasail Álainn Bead Feasta le Mian gach Bliain ag trácht A Shalmaigh Chiallmhair Fhialmhair Fháiltigh Is Rádhian a Screadann an Seanduine Seoirse Cré agus Cill go bhFaighe gach Bráthair Mo Chumha is mo Dhainid Mo Ghearán Cruaidh le hUaislibh Fádla Ná bí in Earraid Liom Cúis Aoibhnis le hInsint Táid seo sa Teannta An Eol Díbhse 'Dhaoine i bhFonn Fáil Is Acmhainneach Aoibhinn do Rann Breá Is Bagarthach Díoltach i nGeall Báis Tá an Báire Buile seo Imeartha Réidh Cois na Bríde A Dháith Uí Ghlasáin Táimse sa tSúsa Stiúraigh le Cúnamh an Dúilimh A Dhochtúir Heidhin an Ghrinn gan Éalaing Cúrsaf Eagarthóireachta Na hÚdair a Ceadafodh Clár na gCéad Lfnte Údair na nDánta lnnéacs Ord na nAmhrán ar an Dlúthdhiosca 117,235 118,236 119,239 121,243 123,245 125,247 127,250 129,253 131,257 133,261 136,264 139,267 142,269 144,272 146,275 148,2 jwajjese. canada goose herrejakke76 150,280 152,284 153,287 156,289 158,293 160,293 163 299 308 310 312 320
  • Grianghrafanna 1. An tAth. Uilliarn English Good Counsel (Iúil - Meán Fómhair, 1937, lch. 450) 2. Cno c Gréine Willie Ryan, Riasc, Pailís Ghréine 3. Altóir na Maighdine Muire, i Mainistir na nAibhistíneach, Fiodh Ard, Co. Thiobraid Árann. Ina haice atá an tEaspag de Buitléir (ob. 1800) curtha Anthony Ryan, Pailís Ghréine 4. Uaigheanna mhuintir English, sa tSulchóid, Co. Thiobraid Árann Willie Ryan, Riasc, Pailís Ghréine 5. Fothrach Theach an Aifrinn i mBaile an Chaisleáin, gar don tSulchóid 6. Seán, Ridire an Ghleanna (ob. 1737) Kieran Clancy, le cead Desrnond, Ridire an Ghleanna, Co. Luirnnigh 7. Maria Therese na hOstaire (1717-1761) 8. Elizabeth na Rúise (1709-1761) 9. Maximilian Ulysses Browne (1705-1757) 10. Mapa de Chathair Chorcaí (de Rocque, 1773) Dónall Ó Luanaí, L.N. na hÉireann Il. Maurice Count Lacy (1725-1801) 12. Leopold Count von Daun (1705-1766) Heeresgeschichtliches Museurn irn Arsenal, Wien 13. Teach Noel Mac Cormick, Pailís Ghréine. Ba sa suíomh sin a chónaigh Domhnall Ó Meára 14. Leac Uaighe na mBrianach i reilig na Sean-Phailíse 15. Leac Uaighe mhuintir English, sa Spidéal (Sunglen), Co. Luirnnigh 16. Leac Uaighe mhuintir English ar an rnBóthar Rua, Co. Luirnnigh Willie Ryan, Riasc, Pailís Ghréine 17. An Leac a thóg Uilliarn English, sa bhliain 1765, i Reilig Eoin, Sr. Dhúglaise, Corcaigh, in onóir na nAibhistíneach a chuaigh roimhe. Is i Reilig N aomh Iósaef, Corcaigh, atá sí anois 18. An leac chéanna lena haghaidh nua 19. Mainistir na nAibhistíneach, Corcaigh (1872-1937) 20. An mhainistir níos déanaí An tAth. John O'Connor, O.S.A., Dún Garbhán 21. Fothrach mhainistir na nAibhistíneach i bhFiodh Ard, faoina bhfuil na Buitléirigh (Dunboyne) curtha Anthony Ryan
  • Réamhrá Chaith Uilliam English an dara leath dá shaol ina shagart Aibhistíneach i gcathair Chorcaí, áit ar cailleadh é sa bhliain 1778. Chuir Risteárd Ó Foghludha a shaothar i gc1ó cheana i Cais na Bríde (1937). Sa ransú ar na lámhscnôhinní Gaeilge, a maireann a shaothar iontu inniu, ba oscailt súl dúinn na freagraí go léir a fuair sé ar a chuid ceapadóireachta fileata. B' ait linn frei sin na dánta go léir a raibh ainm foinn ag gabháil leo. Thoiligh an tOllamh Micheál Ó Súilleabháin, 011. Luimnigh, a bheith ina Chomhairleoir Ceoil ar an tionscadal, agus tá toradh na hoibre ar fáil anseo - leathchéad dán in eagar, a mbaineann naoi gcinn is fiche le Uilliam English (ceithre cinn díobh nár fhoilsigh an Foghludhach). Mar leis na freagraí ó fhilí eile, tuigtear dúinn go bhfuil riar maith díobh in eagar sa leabhar seo don chéad uair, deich gcinn ar a laghad. Ar an dlúthdhiosca cantar sampla amháin de gach fonn, a luaitear sna lámhscnôhinní, seachas aon cheann eisceachtúil amháin nár éirigh linn a aimsiú. Is mór idir na seánraí liteartha atá ar fáil anseo, idir dhánta grá, chaointe, aithrí, ais- lingí, agus chúrsaí cogaidh san Eoraip (1756-63). Faightear spléachadh ar Choill Bheithne, is ar an nGleann, Co. Luimnigh, in dhá dhán. Mhol Uilliam English uaisleacht is flaithiúlacht mhuintir Heidhin is Uí Bhriain 'ar binn Chnoic Ghréine' i ndéantúis fhilíochta eile dá chuid, agus tugtar éachtaint ar a stair siúd sa leabhar chomh maith. Admhálacha Gabhann dlúthdhiosca leis an leabhar seo, a bhfuil scór amhrán air. Is le cabhair deontais ón gComhairle Ealaíon a eisíodh an diosca sin. 9
  • 10 CANFAR AN DÁN Airgead Ó Stiúrthóireacht Taighde Choláiste Mhuire gan Smál, a réit- igh an bealach do Mhanchain, d'fuonn lámhscríbhinní Gaeilge Leabharlainne John Ryland a scrúdú. Fuarthas grianghrafanna (agus cead foilsithe) ó Chartlann na nAibhistíneach, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath, ón Ath. John O'Connor, O.S.A., Dún Garbhán, ó Anthony Ryan, agus Willie Ryan, Pailís Ghréine, ó Ridire an Ghleanna via Tom Donovan, Co. Luimnigh, ón Heeresgeschichtliches Museum im Arsenal, Wien, a bhuíochas don Dr. Declan Downey, 011. na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus ó Leabharlann Náis. na hÉireann. Cead Foilsithe Fuarthas cead ó Ac. Ríoga Éireann dánta ó na lámhscríbhinní seo leanas a fuoilsiú: Ac.R.É. 23G20, 237-238; 23 N 12,31-36; 23 B 36, 33-37; 23 B 36, 158-159; 23 N 9, 1-3; 24 M 5,56; 23 C 21, 257-258; 23 L 37, 284; 23 M 6, 44-45; 23 120,68; 23 F 18, 31-33; 23 B 38,231; 24 B 29, 141; 23 C 32 (b), 36; 23 B 38,234-235; 23 B 38, 234; 24 B 29, 140; 23 B 38,231-232; 23 120,69; 23 C 3, 59-60; 23 C 3, 60-61; 23 B 38, 233; 24 B 29, 141; 23 C 3, 61-62; 23 C 3, 60; 23 G 22,80; 23 C 3, 58-59; 23 L 24,200-202; 23 B 38, 11-12; 23 C 3, 54-55; 23 C 3, 55- 56; 23 C 3, 57-58; 23 M 51, 72-73; 23 B 38,191; 23 B 38,192; 23 B 38, 193; 23 M 14, 122-124; 23 M 51, 68; 23 B 38, 6-8; 23 O 73, 14 (d) -14 (e). Thug an Leabharlannaí, Col. Phádraig, Maigh Nuad cead foilsithe dúinn ó na lámhscríbhinní seo leanas: M.N. M43, 27-28; M6, 271- 273; M58(a), 28-29; M11, 15-16; M9, 374. Fuarthas cead ó Leabharlann Huntington, San Marino, California chun leas a bhaint as H.M. 4543,319-320. Thug caomhnóirí Choláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, cead PB 9, 32-33 a fuoilsiú.
  • RÉAMHRÁ 11 Táimid buíoch de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a thug cead foilsithe dúinn as an lámhscríbhinn G 434 (b), 59-61. Fuarthas cead ó Leabharlann Náisiúnta na Breataine chun dán a fhoil- siú ó Eg. 150, f. 357 (lgh. 705-706). Daoine a chuir comaoin orainn Foilsitheoir an leabhair, An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, a stiúraigh, a spreag sinn chun saothair, agus a chabhraigh linn i ngach slí. Stan Hickey agus Mark Rogers, ón Cinnire Laighneach a chaith a ndúthracht leis an gcló. Nioclás Ó Cearbhalláin, Glen Cumiskey, agus Jackie Small ó Thaisce Cheo I Dúchais Éireann. An Dr. Ríonach Uí Ógáin, 011. na hÉir., B.Á.C. An tAth. Dáithí Ó Ceallaigh, O.S.A. a chuir ábhar na Cartlainne Aibhistíní faoin ár mbráid. An tAth. John O'Connor, O.S.A., Dún Garbhán, a thaistil go Corcaigh faoi dhó chun grianghrafanna a sholáthar agus a dhein taighde san Archivio Generale del Vicariato di Roma ar stair San Matteo. An tAth. Hugh Fenning O.P., a roinn a chuid eolais linn ar stair na hEaglaise san ochtú haois déag in Éirinn agus thar lear. Diarmaid Ó Catháin a chuir aIt luachmhar faoi Choláiste San Matteo, in Merulana ar ár súile. An Dr. Liam Mac Peaircín, Coláiste Mhuire gan Smál a léigh agus a cheartaigh an téacs. An Dr. Maura Cronin, Liam Chambers, Liam Irwin, Máiréad Ní Dhomhnaill, Darach Sanfey, agus Donnchadh Ó Duibhir, Col. Mhuire gan Smál, a réitigh fadhbanna staire is Fraincise dúinn. Diarmuid Ó Murchadha, Bun an Tábhairne, Co. Chorcaí, a léirigh an- suim san ábhar, agus a roinn a chuid eolais ar logainmneacha linn. Thomas J. Byrne a bhfuil an-chur-amach aige ar Ridirí an Ghleanna. Foireann na Leabharlann seo leanas a dhein leabhair agus lámhscríbhinní a sholáthar: Coláiste Mhuire gan Smál (Phyllis
  • 12 CANFAR AN DÁN Conran agus Marion Ní Fhógartaigh go speisialta), Acadamh Ríoga Éireann, Leabharlann Russell, Maigh Nuad, Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, Leabharlann John Ryland, Manchain, 011. na hÉir., Gaillirnh agus 011. na hÉir., Corcaigh. Is fuirist teacht ar shaothar na bhfilí sna lárnhscnôhinllÍ, ach ní haon ribín réidh é an stair áitiúillaistiar de a rianadh. Bhí beirt a tháinig i gcabhair orainn go rábach - John Gallahue, ón nGallbhaile, Co. Luimnigh, agus Anthony Ryan ó Phailís Ghréine. Roinn John Gallahue a chuid eolais faoi Ghleann na gCreabhar linn go fiaI fIaithiúil. Níl aon teora le cur amach Anthony Ryan ar stair a cheantair, agus níor tháinig stad air ach dár múineadh. Chuir sé grianghrafanna de leac uaighe na mBrianach, is de rnhuintir English ar fáil dúinn. Thochail sé foinsí rnhuintir Heidhin. Thar aon ní eile chuir sé Tom English is Hugh, an tSr. Cecilia English ó Chlochar na Trócaire, Dún, agus Rose English, Teampall Uí Bhrídeáin, Co. Luimnigh, de threibh an fhile, in aithne dúinn. Linn féin na botúin i ndiaidh a ndíchill go léir. Úna Nic Éinrí Pádraig Ó Cearbhaill um Sharnhain 2003
  • Noda Na Lámhscríbhinní Gaeilge ar baineadh feidhm ast" Aberystwyth A Ac.R.É. B.Á.C. Feir. B.Á.C. O'Curry Béal Feirste B.L. Add. B.L. Eg. Boston Ath. California R.M. Cambridge Add. Cill Chainnigh CC Corcaigh C. Corcaigh T. Gaillimh de hÍde Gaillirnh L. Bhreise Lárnhscnôhinní Gaeilge sa Bhreatain Bheag Acadarnh Ríoga Éireann Lárnhscnôhinní Phádraig Feirtéir, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath Lárnhscnôhinní Eoghain Uí Chornhraí, 011. na hÉireann, Baile Átha Cliath Lárnhscríbhinní Bunting, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste Lárnhscríbhinní Gaeilge sa British Library Lárnhscríbhinní Egerton, sa British Library Lárnhscríbhinní Gaeilge sa Boston Athenaeum Lárnhscríbhinn Runtington, San Marino, California Lárnhscríbhinní Gaeilge i leabhar- lanna Cambridge Lárnhscnôhinní Gaeilge Choláiste Chiaráin, Cill Chainnigh Cnuasach lárnhscnôhinní Uí Mhurchú, 011. na hÉireann, Corcaigh Lárnhscnôhinní Toma, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh Lárnhscríbhinní de hÍde, Ollscoil na hÉireann, Gaillirnh Lárnhscríbhinní Breise, Ollscoil na hÉireann, Gaillirnh 13
  • 14 NODA IL. Lámhscnbhinní i Leabharlann na nÍosánach, Baile Átha Cliath L.N. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Longfort ML Lámhscríbhinní Gaeilge i gColáiste Mel, Longfort M.N. Coláiste Phádraig, Maigh Nuad Main. Fhear Maí CF agus PB Lámhscnbhinní Gaeilge i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí Manchain Ryl Lámhscríbhinní i Leabharlann John Ryland, Manchain Melleray L. Bhreise Lámhscríbhinní 11-16 i Mainistir Mhelerí Nat. Lib. Scotland Lámhscríbhinní ceoil i Leabharlann Náisiúnta na hAlban Port Láirge CE Schoyen T.C.D. H Wisconsin Lámhscríbhinní Gaeilge i gColáiste Eoin, Port Láirge Ceithre lámhscríbhinn Ghaeilge i seilbh phríobháideach, Oslo Lámhscríbhinní Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Lámhscríbhinní Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Madison
  • Cúlra na Filíochta Filíoeht ehathraeh ar an mórgóir a fuaightear sa leabhar seo. Goideadh bróga Uilliam English uair amháin, mar shampla, agus ehuaigh Éadbhard de Nógla sa tóir orthu. Shiúil sé eurraithe, bogaithe is móinte, Dúiehe Ealla, Triúeha an Bharraigh, agus Ciarraí deiseal is tuathal, gan aon toradh ar a ehamehuairt. Ansin thug sé aghaidh ar Phort Láirge, ar Luimneaeh, 'bolg gaeh bóthair', ar Chluain Meala, is ar Chill Chainnigh 'le fuinneamh is fórsa'. Stad ná eónaí níor dhein sé ina dhiaidh sin gur bhain sé Baile Átha Cliath amaeh, aeh b'éigean dó an bád a thógaint go Páras. Ar deireadh thiar shroieh sé leannán a ehroí, Máire Treasa na hOstaire, a gheall aiseag na mbróg dó, gur fuill sé ar ehathair Chore aí 'le sála nóna' (féaeh Uimh. 23 [aD. Domhan na samhlaíoehta atá á ehruthú anseo, gan amhras, a bhfuil tionehar láidir an Bharántais air, aeh is eeann é atá lán de ehathraeha is de mhuintir na geathraeha sin. Ghearáin Uilliam English go raibh sé dóite gan na bróga eéanna ar ehloeha Choreaí, agus a throithe seólta ó phluid na eathraeh. Níorbh aon futa fata a ghrean na bróga dó, dar leis, aeh Pádraig Ó Murehadha, gréasaí den seoth. (Uimh. 23). Saol eathraeh a ehaith Uilliam English ón uair ar eheangail sé leis an Ord, aeh go háirithe, agus is léir sin ó ábhar a ehuid filíoehta. Ceardaithe ón geathair a d'fureagair é, an táilliúir, Éadbhard de Nógla agus an fíodóir, Seán Ó Cuinneagáin, mar shampla. An leagan is luaithe de na dánta sin a mhaireann anois, ba cheardaí eile a bhreae síos iad, ie. Stiabhna Mae Coiligin. 'Stephen Cox' a ghlaoigh sé air féin i mBéarla. Is dóigh le Niall Buttimer go raibh fear darbh ainm Stephen Cox ina ehónaí 'in Half-moon Street' i gCoreaigh, sa bhliain 1787, agus go raibh sé ina dhéantóir seoil (Buttimer, 1988, 129). Ní bheifeá ag dul thar eai1c, más ea, dá ndéarfá go raibh aithne 15
  • 16 CANFAR AN DÁN phearsanta aige ar an Nóglach, ar an gCuinneagánach, agus ar English. Thuigfidís ceirdeanna a chéile ach go háirithe. Mar seo a chuir Uilliam English síos ar cheardaíocht an ghréasaí, Pádraig Ó Murchadha: Do thug sé ceap ar fad leis omaithe, leathar Spáinneach bláfar córach, bonn is bálta is sáil 'bhí ródheas, céir is cnáib go sásarnh eolaigh. (Uirnh. 23, línte 13-16) Is fíor gur rnhair Caitlicigh Ghaelacha áirithe go cluthar compordach i gCo. Chorcaí san ochtú haois déag, agus nár leasc leo éadaí ón iasacht a chaithearnh. Tóg Art ó Laoghaire, ó Mhaigh Chromtha, ar chaoin a bhean Eibhlín mar leanas é: Is breá thíodh lann duit, Hata faoi bhanda, Bróg chaol ghallda, Is culaith den abhras A sníornhthaí thall duit. (Ó Tuama, 1961,35) Bhí bagairt ón iasacht ar na ceirdeanna i gCorcaigh, mar is mó fógra mar lean as a léifeá i nuachtáin Chorcaí: James Collins, at the Harp and Crown near the Exchange-keeps English broad cloth, livery cloths, nankeens, swanskins, allap- ines, English bombazines, calimancoes, etc. Sells at low prices for ready money. (Cork Journal, Lá Nollag, 1753 - Collins, 1957,97) Thosaigh cui d de na ceardaithe ag léirsiú, agus bhagair an tEaspag Butler coinnealbhá orthu siúd a lean de na léirsithe sin (Buttimer, 1988, 126-137, Costello, 2000, 15-16). Bhí an tEaspag ar thaobh na nGall, sa chás áirithe seo, ar chan Uilliam English chornh fíochmhar sin ina gcoinne. Ba ghean leis an bhfile tagairt do shnáthaid an táill- iúra, Éadbhard de Nógla, ina chuid filíochta, agus níor leis a b'fhaillí
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 17 a áiteamh gur dhein Críost 'bréidfhilleadh' den Mhuir Rua, nó Muir na nGio1cach, mar a ghlaoitear uirthi anois. Bhí an bhochtaineacht ag gabháil stealladh don chosmhuintir: Four fifths of Irish Papists taste not bread but as a dainty. Their habitation is no other than that of a few sods reared one upon the other in the space of a few hours. (Gibbons, 1932,47) Chaith Uilliam English leath a shaoil sa timpeallacht sin, ina: B[h]ráthair diaga rialta rómhaith, fáidh na gceall, 's a gceann treorach, teagascóir diachta, stíobhard eolais, (Uimh. 23 [b], línte 9-11) Mar seo a labhair Seán Ó Cuinneagáin faoi: Beidh an tAth. Uilliam ag riar ar bhráithribh, i gcríoch aird Choinn, cé tá lag fós, go meanmnach rialta diaga cráifeach, ag síorshníomh grinn is é lán de scóip, (Uimh. 20 (b),17-20) Bhí sé ar a tháirm ag plé le fíoraí an fhíodóra agus le snáthaid an táill- iúra. Achainí an Fhíodóra ar an Athair Uilliam Inglis chun a mhadra 'tbógairt a scríobh Tomás Ó hÍceadha, Baile an Ghraeigh, Co.Thiobraid Árann, sa bhliain 1821, do Shéamas Ó Meára, ceannaí a raibh cónaí air ag '40, Main St. Clonmel': Mo bheannacht duit, a Athair is go bhfachair do chion den ghlóire; Duit beannacht na nAspal 's mo mhadra cuir á fhógairt. Coileán deas dathannach a chailleas-sa d'éis a thóigthe Go críonna gasta le hanraithe is togha na feola. Rover a ainm - bhí paiste de chiar 'na scomach. Bhí eireaball fada aige is geadainn in ard a chorónach. Dhá shúillasanta, is dearfa d'áireamh comhraic. 'S bhí spota beag liath thiar ar ard a thóna.
  • 18 CANFAR AN DÁN Ba lúfar, tearcanta a thaisteal, 's a ghuth ba ghlórach, gach oíche 'om' tbaire, is é im' aice 'na luí sna seoltaibh. Níor bhaol dom' phearsa fad 'mhairfinn, ar dhíon dom Rover 's do scaipfeadh cearca, lachain is lucha móra. I Guím a Athair Uilliam ar Dhia nár ghabhair breoiteacht, is cuir mallacht go dian i ndiaidh mo choileáin ghleoite. Cá bhfios nach dtriallfadh i ndiaigh do léanntacht, , eolaigh, 's go n-aiscÍ Dia ort iad, is faigh dom Rover. (L.N. G230, 67) I lámhscríbhinn Manchain, Ryl. 134 cuirtear an dán thuas i mbéal Éadbhaird de Nógla. Thaithíodh Uilliam English margadh an ime, ag Ard an Gheata, sa chathair, a bhí ina cheann sprice ag na carraerí a thugadh im saillte ó áiteanna i bhfad i gcéin (féach Uimh. 22). Níorbh aon stróinséir don chroch é: agus: Cork Journal, 23ú Aibreán, 1754. On Saturday (20th) was exe- cuted at Gallows Green, William Sullivan, for forcibly abduct- ing and carrying away Miss Margaret Mullane. (Collins, 1957, 100) San mbliain 1749, mar shampla, crochadh duine ag an Lána Leathan féin i ngiorracht céad slat do choinbhint Liam Inglis féin. (Ó Callanáin, 1992) Ba dhóigh le at nár ghoill an saol rómhór air féin ná ar a chairde, áfach. D' imrídís cártaí, ní foláir, ó tbianaise na meafar a thógtar orthu san tbilíocht sa leabhar seo - buafaidh an mámh (an Pretender) ar an gcárta gan mhaith (Seoirse na Breataine), a mhaítear in áit amháin (Uimh. 26). "Cearrbhaigh" a d'imríodh cleas leis na cártaí ba ea na Seáin Bhuí, a mhalartaigh an Rí Cóir ar Sheacht an Spéireat, dar leis an bhfile i ndán eile. Arís eile, cuirtear i gcuimhne do Chathal
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 19 (Séarlas Eadbhard) go bhfuil Heart maith ina láimh aige, ach é a imirt ar Sheán Buí (Uimh. 18 [d]). But cards were the resource of all the world .. In European Courts, I believe the practice still remains, not for gambling, but for pastime. Our ancestors generally adopted it. 'Books! prithee, don't talk to me about books,' said old Sarah Marlborough. 'The only books I know are men and cards'. ... Even the Nonconformist clergy looked not unkindly on the practice. 'I do not think' says one of them, 'that honest Martin Luther commit- ted sin by playing at backgammon for an hour or two after din- ner, in order by unbending his mind to promote digestion. (Thackeray, 1855/1995, 50) Faoin ochtú haois déag in Éirinn bhí meafar na gcártaí tar éis áit mheafar na fichille a thógaint san fhilíocht, mar is léir ó na dánta sa leabhar seo. Ar an láimh eile i dteach an Ath. Heidhin, ar binn Chnoic Ghréine, ba iad an fhicheall is an táiplis phoncach a bhain gáire as an sagart, go háirithe ar fáil na saorbheart dó! (Uimh. 31, línte 46-51). Léadh Uilliam English na nuachtáin a thagadh chun na tíre ó Shasana gach Máirt is Satham. Dá mbeifí chun an tír a ionsaí d' áitítí sna Páipéir chéanna gurbh é an Stíobhartach a bheadh i gceannas! (Munter, 1967, 119). Bhíodar claonta, mar a dúradh i gceann dá dhánta: , S a chara, a rún, do ghlacas niús na Máirte inné. Dar an leabhar úd do thaitnigh Ii om a cáil 's a gné, gur cailleadh lo ng i bPort Mathún thar sáile i gcéin, is caithfid bua air a dhearbhú gurbh é a máistir féin. (Uimh. 27, línte 9-12) Cathair bhreá ba ea Corcaigh faoi lár an ochtú haois déag. Chuir an cuairteoir Twiss i gcomparáid le Lyons nó Oporto í, agus ní raibh aon oidhre uirthi ach Bristol, dar le de la Tocnaye, a ghnóthaí is a bhí sí (Maxwell, 1940 agus 1979).
  • 20 CANFAR AN DÁN Cork Journal, 16/09/ 1754: Arrived in Cork, the Mayflower, under Captain Driscoll, from Lisbon with salt, sugar, fruit and wine. Sailed, The Egmont, of Cork to New York, with beef, but- ter, mackerel, etc. (Collins, 1958, 97) Bhí im, muiceoil agus mairteoil shaillte á n-easportáil uaithi, agus bhíodh bádóirí mar Dháth Ó Glasáin ón Áth Fhada, Co. Chorcaí, ag filleadh ón Eoraip go Corcaigh, trí Chuan na bhFaoileann 'taoibh le Cóbh theas' (Uimh. 28, líne 19). Nuair a cailleadh é chaoin Uilliam English é, agus mhol sé a chrógacht: fear nár stríoc do ghaoith ar mhórmhuir, fear de cheap na sean a bhíodh treorach, fear do b'innealta cuisle insa chorda, fear breá maisiúil, dea-chlumhaiI córach. (Uimh. 28) Bheadh nuacht ag a leithéid le breith chuig a chairde sa bhaile, ní foláir, agus bhí an lucht éisteachta ann, mar ón uair ar cheangail English leis an Ord Aibhistíneach, dhírigh sé a aire ar Chogadh na Seacht mBliain san Eoraip (1756-63) ina raibh Sasana agus an Phrúis ar thaobh amháin, i gcoinne na Fraince, na hOstaire, na Rúise agus na Sualainne ar an taobh eile. Bhí ag éirí leis an bPrúis faoi Fheardorcha II, nó gur buadh orthu ag Kolin ar an 18ú Meitheamh, 1757. Bhuaigh an Fhrainc ar Shasana ag Hastenbeck ar an 26ú Iúil 1757, agus fuair an Rúis an lámh in uachtar ar an bPrúis ag Gross J agemdorf i mí Lúnasa na bliana céanna. D'ionsaigh an tSualainn Pomerania i rní Dheireadh Fómhair, agus ghlac an Ostair seilbh ar Berlin ar feadh tamaill i mí Dheireadh Fómhair chomh maith (Williams, 1980, 403- 407; féach frei sin dánta 20-26 sa leabhar seo). Ba ghean leis an bhfile Máire Treasa na hOstaire, agus Eilís na Rúise. Ní gá a rá gur chúis mhórtais dó Laoiseach XV, Rí na Fraince, a bheith ina shea. Thabharfadh sé sin seans don Pretender, Charles Edward, filleadh ar a dhúchas, dar leis, agus dá bharr sin bheadh an creideamh Caitliceach i mbarr a réime arís.
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 21 Níorbh é sin an chéad uair dó ag láithriú an Pretender i suíomh Eorpach, mar sa dán Cé Sin Amuigh, déanann sé tagairt do Naples a bheith 'gan time', toisc gur bhuaigh Pilib V na Spáinne ar ais é sa bhliain 1734. (Uimh. 17, línte 34-35). Tagairt do Chogadh Chomharbacht na Spáinne (1701-1738) a bhí á dhéanamh aige ansin, díreach mar a luaigh Éadbhard de Nógla Cogadh Chomharbacht na hOstaire (1740-48), ina dhán Mo Chumha is mo Dhainid (Uimh. 22 [al). Forás nádúrtha ba ea é, más ea, díriú ar Chogadh na Seacht mBliain, ach bhí na filí d all , de réir dealraimh, ar thíorchúis an chogaidh, sé sin, bunú cóilíneachtaí san Ind agus i Meiriceá Thuaidh. Ba mhairg dóibh a dhein deimhin dá ndóchas, mar chuir an cogadh céanna bonn faoin mBreatain Mhór; leath a cóilíneachtaí ar fud an domhain; agus ón uair ar baineadh a gceart de na Stíobhartaigh eas- paig na hÉireann a ainmniú thit an lug ar an lag ar Uilliam English, ní foláir. Níor mheáigh cúrsaí creidimh oiread is brobh i stair na hEorpa faoin am sin. Aon dán arnháin eile a chum sé i ndiaidh Chogadh na Seacht mBliain, agus ba ag cásamh an ghúta a bhí sé ann! (féach Uimh. 29 sa leabhar). Bhain buntáiste fileata leis an ábhar canta a bhí aige, áfach, mar deal- raíonn sé gur chuaigh na dánta polaitiúla isteach caol díreach sna lámhscríbhinní agus scaipeadh go forleathan iad. Gheobhfá a rá gurbh iad a thuill c1ú na filíochta do Uilliam English, mar ba sa thréimhse chéanna, sé sin ón mbliain 1750 ar aghaidh, a scríobhadh síos a chaointe, a dhánta grá, a aislingí is a aithrí, ó fhianaise na lámh- scnôhinní a mhaireann inniu, ach go háirithe (dánta 1-18). Tugann fianaise inmheánach cuid de na dánta sin le fios go raibh siad ar an bhfód i bhfad sular cheangail an file leis an Ord, nó sular thug sé faoin 'seanduine Seoirse' ina chuid filíochta. Scríobh Seán Ó Dálaigh: The Jacobite bards felt peculiar satisfaction in reviling the house of Hanover. The following is the first stanza of one of the most popular Scotch songs of this period:
  • 22 CANFAR AN DÁN 'Wha the deil hae we gotten for a king, But a wee wee German lairdie? And when we gae' d to bring him hame, He was delving in his kail-yardie; Sheughing kail, and laying leeks, Without the hose, and but the breeks; And up his beggar duds he cleeks The wee wee German lairdie.' (Ó Dálaigh, 1925, 120-121) Céad bliain ina dhiaidh sin níorbh é an focal moIta a tháinig ó Thackeray ach chomh beag i dtaobh na ríthe Seoirseacha. Ní raibh an Rí róthógtha le creideamh, dar leis: As I peep into George lI's St. James's, I see crowds of cassocks rustling up the back-stairs of the ladies of the Court; stealthy clergy slipping purses into their laps; that godless old King yawning under his canopy in his Chapel Royal ... no wonder that Wesley quitted the insulted temple to pray on the hill-side. (Thackeray, 1855/1995,43) Breith Thackeray ar Sheoirse II, b'shin í breith Uilliam English agus an Nóglaigh ar an Rí chomh maith, mar is léir ó na haistí filíochta sa leabhar seo: Here was one who had neither dignity, learning, morals, nor wit - who tainted a great society by abad example; who in youth, manhood, old age, was gross, low, and sensual. (Thackeray, 1855/1995, 56) Léirítear cur amach sna dánta seo ar chúrsaí na hEorpa nár ghnách i gcumadóireacht na linne. Luann an Nóglach Gallasoniere, mar sham- pIa. 'This was the Marquis de la Galissoniere who commanded the French at the taking of Minorca from the English under General Blakeney in the year 1756,' a bhreac scríobhaí lámhscríbhinne Corcaigh C63, kh. 632, mar ghluais air. Aimiréal i gcabhlach Shasana ba ea Byng, le linn Chogadh na Seacht mBliain. Ba é Puerto
  • r CÚLRA NA FILÍOCHTA 23 Mahàn príomhchathair Menorca Ó 1721 ar aghaidh, agus ba aige a bhí an cuan ab fhearr sa Mheánmhuir. Ag a bhéal bhí an dúnáras cáil- iúil San Felipe, a thóg an rí Pilib II na Spáinne (1527-98). Theith Byng ó na Francaigh ann, ach gabhadh i Gibraltar é; dhaor na Sasanaigh i gcúrsaí meatachais é, agus mharaigh scuad lámhaigh é ar deic a loinge féin an HMS Monarch. Bhailigh báid eile ón scuad Spithead ina thimpeall i Portsmouth, fad a scaoileadh cúig philéar isteach ann, agus thit sé marbh láithreach. Ba ghean leis na filí Corcaíocha a dhán. Rug sé greim ar a samhlaíocht. Léirigh Voltaire trua dó i Candide, ach chuir a bhás filí Chorcaí sna stártha. Bhí an scríbhneoir anaithnid seo ó Cheanada ar aon fhocal leis na filí Gaelacha, áfach, nuair a mhaígh sé: Said Blakeney to Bing as he stood at a distance, You'll be hang'd you paltroon if you don't bring assistance. Why aye, replied Bing, what you say may be true But then I may chance to be shot if I do; Sudden death I abhor; while there's life there is hope, Let me 'scape but the gun I can buy off the rope. (Poems in Early Canadian Newspapers, 1764-75 www.uwo.ca/englishlcanadianpoetry) B' ábhar maíte dóibh nuair a bhuaití ar an Aimiréal Edward Hawke, a bhí i gcabhlach Shasana, agus a thaobhaigh le Feardorcha na Prúise i gCogadh na Seacht mBliain: ó cailleadh i ngliadh na bhFiann an Hácach, le Gallasoniere 'thug iad chun náire. 'S ait an sult a leaba ag Byng i bhfíoraíbh arda 's a ch aí 's binne linn ná táinte den tsórt. (Uimh. 20 [b], 21-24) Níorbh amhlaidh do Bhardas Chathair Chorcaí ag an am, mar ba ócáid cheiliúrtha dóibh aon uair a raibh an bua ag an Hácach: That fll-16-0 be paid to Kean Mahony, vintner, for an enter- tainment at the Exchange to celebrate the victory of AdmiraI Hawke, over the French Fleet. Furthermore that AdmiraI Hawke
  • 24 CANFAR AN DÁN be presented with his freedom in a gold box for defeating the French Fleet commanded by Mons. Conflans, whereby this city was saved from an attack of a large body of French forces. (Ó Callanáin, Bealtaine 1992, lch. 15) Ba róchuma lenár bhfiIí, áfach, mar bhí an-aire siúd ar an Eoraip, agus buailtear go rialta lena cathróirí san fhiIíocht seo. Ní i dtaobh leis an Pretender a bhí siad le haghaidh ábhar a gcumadóireachta, mar siúlann Máire Treasa na hOstaire, EiIís na Rúise, Don Carlos na Spáinne, Contades, Brunswick, agus Daun trasna an stáitse chomh maith. Ná níor dheineadar faillí sna Gaeil chróga, in Iarla an Chláir, i Claid Mac Conmara, agus thar aon duine eile i Maximilian Ulysses Browne ar bhronn Máire Treasa na hOstaire an lomra órga air de bharr a chrógachta. Geallann siad dúinn ina véarsaí nár gabhadh Prág, mar gur tapa an t-amas a thug Browne áigh uirthi. Cérbh iad na fiIí sin a chuireann gliondar ar ár gcroí agus a spreagann chun machnaimh sinn? Is cinnte gurbh fhada ó dhomhan síodúil diop- lómaitiúil na hEorpa a mhair siad. Féachaimis ar dtús ar an té ar leis níos mó ná a leath de na dánta sa Ieabhar seo: Uilliam English (1695?-1778) Tuairiscíonn Risteárd Ó Foghludha gur bhain an file triail as Clochar na nDoiminiceánach ag Old Friary Lane, láimh le Sr. an tSeandúna i gCorcaigh i dtús báire. Níor fhan sé leis na Doiminiceánaigh ach trí ráithe, mar a dhearbhaíonn English féin ina dhán Mar Chéile 'Ghabhaimse leatsa (Uimh. 5). An 'Mór-Bhráthair' a chaith amach é, toisc nár réitigh an file le riail na bochtaineachta san Ord (Ó Foghludha, 1937, xv-xvi). Chuaigh sé caol díreach chuig na hAibhistínigh agus chaith sé bliain nó dhó leo nó gur cuireadh thar sáile é, ag déanamh léinn (Ó Foghludha, 1937, xvi-xvii). Níor thángthas ar aon fhianaise bhreise a chuirfeadh nó a bhréagnódh téis seo an Fhoghludhaigh, ach is intuigthe gur bheag a bhí idir riail na bochtaineachta san dá Ord ag an am, mar i ndiaidh na bliana 1731 d'ardaigh na Doiminiceánaigh agus na hAibhistínigh 'a bpinsin' i.e. an méid a bhí le n-íoc acu, ó 0/4 in aghaidh na bliana go dtí ;(8
  • CÚLRA NA FlLÍOCHTA 25 (Fenning, 1972, 89). Ní fuanann aon tuairise ar Uilliam English i gCloehar na nDoiminiceánaeh, aeh ní mhairfeadh a leithéid mura geaithfeadh sé níos mó ná bliain leo, an tréimhse a bhí riaehtanaeh sula nglacfaí leis mar Bhráthair san Ord. Seríobh an Foghludhaeh go raibh seanphietiúr de na bráithre sa Chloehar Aibhistíneaeh agus go luaití ainm Uilliam English le duine díobh. Foilsíodh grianghraf de sin san Irisleabhar Good Counsel (Iúil-Meán Fómhair, 1937, 19h. 450-52), agus euireadh athehló air sa bhliain 1994 (Martin, F. X., 1994,29). Agus iad ag eur síos ar sheanmhainistir na nAibhistíneaeh, ba é a seríobh Méara Choreaí, Randall Westropp, agus Robert Wrixon, agus William Harding, an sirriam, i gCoreaigh ar an tríú lá déag de mhí na Márta, 1743: John Casey, ... Tool, ... Bum - their Christian names we eould not find out - three reputed popish friars reside at a reputed ffryery in Fishamble Lane in said City where was formerly an Anabaptist meeting-house. (Burke, 1969, 380-381) 'Sráid na Saoirse' - 'Liberty St.' - a ghlaoitear ar Sheamlas an Éise anois, agus téann an ráiteas thuas leis an geuntas san House Book a eoimeádadh sa Chloehar Aibhistíneaeh i gCoreaigh, ina mbíodh tuairise ar ehúrsaí an Chloehair go míosúil. Shíníodh an Prióir agus baill an Oird é. Chaití an-ehúram leis an House Book seo, mar bhí eead ag na Bráithre an fuílleaeh airgid a roinnt eatarthu féin. Bhí House Book Chore aí ar an bhfód go dtí tús na haoise seo eaite, nuair a ehuaigh sé ar bóiléagar. Bhreae an tAth. Me Swiney nótaí as, áfaeh, sular eailleadh é, agus tá fáil orthu anois i gCartlann na nAibhistíneaeh i mBaile Baodáin, Co. Átha Cliath. Caitheann na nótaí seo solas ar shaol na mBráithre, agus Uilliam English ina mease, san oehtú haois déag in Éirinn, agus is léir uathu nárbh aon ribín réidh é an saothar i nGort an Tiama ag an am. Bhí eónaí orthu i bhfothraeh de sheanteaeb, agus ar an naoú lá de mhí Iúil na bliana 1768, nuair atugadh euntas ar a raibh sa Chloehar aeu i Seamlas an Éise, áiríodh Ína mease:
  • 26 CANFAR AN DÁN 1768, June 7th - inventory: Thirteen suits of vestments; One cope and shoulder knot; Three sil ver chalices, with their patens. One Silver Remonstrance ... 19 pairs of sheets ... Six standing beds; 28 chairs, 7 pairs of blankets, Six quilts. 5 pewter p1ates, One pewter washing basin, 4 pewter spoons One gridiron. Two smoothing irons One skinner One copper tea kettle One chain and dog wheel Eight wine glasses. Two muggs, One teapot One salting crock, One copper Begging pan, One tin do ... We the undersigned do certify the above to be the true inventory of the moveable effects of the Convent of our Fr. S. Augustine of Cork. In witness whereof we put our hands, the 9th day of July, 1768. Laurence Toole, Pr. Dennis O'Donoghu, William English, Pat Ryan. (nótaí ó House Book an Chlochair) Mí Lúnasa na bliana 1751 toghadh an tAth. Augustine Ryan ina Phrióir. Tháinig Uilliam English ina áit sa bhliain 1754. Faoin mbli- ain 1758 bill an Rianach i gceannas arís. Laurence O'Toole a toghadh sa bhliain 1764. An tuairisc a fhaightear ar an mbliain 1777 ná go raibh an tAth. Ed. Keating ina Phrióir, agus go raibh William English, Patrick Ryan, agus Eugene Mc Crohan sa Chlochar chomh maith. Ar an tríú lá déag de Eanáir na bliana 1778 fuair an tAth. Uilliam English bás (nótaí ón House Book). Is inspéise nár luaigh Battersby (1856) an Rianach sin, a ndeirtear faoi san House Book go raibh sé ina Phrióir sa bhliain 1751 agus arís eile sa bhliain 1758. Ní fheadar ar chuir sin leis an iomrall aithne a bill idir an sloinne 'English' agus 'Ryan', ar chuir Maolsheachlainn Ó Comhraidhe tús leis sa bhliain 1816, agus a ndeachaigh an Foghludhach siar go heireaball leis sa bhliain 193?? Bhí sagart darbh ainm Pádraig Ó Riain san Ord i gCorcaigh sa bhliain 1765, agus dealraítear gur leis sin, agus chuig Uilliam English a sheol Seon Lloyd an dán Stiúraigh le Cúnamh an Dúilimh (Uimh. 30).
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA Luaitear sna nótaí faoin mbliain 1765: 27 Fr. William English, being in the country and questing for him- self, left his vestry to be divided between the Fathers who served the house in his absence, which absence was extended for seven months. Ghlaoití 'beistrí' ar an teacht isteach beag a d'fhaigheadh gach bráthair sa Chlochar. Luaitear faoin mbliain sin, leis, go raibh an gúta ag cur as don Ath. Ó Tuathail. Níorbh fholáir nó bhí Uilliam English go maith ag iarraidh déirce, toisc go raibh an fhilíocht is an amhrán- aíocht ar a thoil aige, agus gur chan sé in onóir na déirce féin san amhrán Maíodh Gach nAon a Shlí sa tSaol (Uimh. 7). Ba sa bhliain 1765, leis, a thóg sé an leac uaighe i Reilig Eoin i gcuimhne na mBráithre a chuaigh roimhe (féach an pictiúr de sa leabhar). Seans gur tógadh é le cabhair na déirce a bhailigh Uilliam English, agus é 'amuigh faoin tuath'. Bhí gá leis an déirc sin, mar ba bheag teacht isteach eile a bhí ag na hOird ag an am. Sa bhliain 1728 ghnóthaigh na bráithre Doiminiceánacha sé scilling ó mheáchan cloiche de olann a bhailigh siad ina dhéirc in Eiscir, Co. na Gaillimhe. Naoi scilling a thug 'Neddy's begging in Loughrea' isteach (Pochin Mould, 1957, 180). Saol Uilliam sula ndeachaigh sé sa Chlochar Is spéisiúil go bhfuil ceithre dhán adhmholtacha Uilliam English tiomnaithe do Luimnígh, do Dhonnchadh Mac Craith as Coill Bheithne (Uimh. 1), do Sheán an Ridire ón nGleann (Uimh. 2), don Ath. Domhnall Ó Briain ó Phailís Ghréine (Uimh. 3) agus don Dr. Tadhg Ó Heidhin ó 'bhinn Chnoic Ghréine' (Uimh. 31). Luimníoch, Maximilian Ulysses Browne, ba mhó a dhein sé a mhóradh ina dhánta ar Chogadh na Seacht mBliain. Sin é an fáth, is dó cha, gur áitigh Seán Ó Dálaigh gur rugadh sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh é. Bhí breall air, áfach, nuair a scríobh sé go raibh Uilliam English sa Chlochar i Sr. Brunswick, Corcaigh (Ó Dálaigh, 1925, 33), mar gur i ndiaidh a bháis a bhog na hAibhistínigh amach ó Sheamlas an Éisc. Agus é ag
  • 28 CANFAR AN DÁN tráeht ar an seoil Phrotastúnach sa Ráth, Co. Chore aí, san oehtú haois déag, d' áitigh Michael Quane, gur mheall an seoil ehlasaiceaeh a bhunaigh Uilliam English ann daltaí de gaeh ereideamh ehuiei, agus gur bhain sí den tinreamh sa seoil Phrotastúnaeh (Quane, 1958, 45). Shéan an Foghludhach an Caisleán Nua mar áit a bhreithe, mar ba dhóigh leis gurbh ón gCeapaeh (Cappagh White), Co. Thiobraid Árann dó, tharla go raibh teaghlaigh de mhuintir English ann, a raibh gaol aeu le muintir Riain [Ruaidhrí]. Na Coirríní, tamalllaisteas den Aonaeh, i gCo. Thiobraid Árann, a raibh dream de mhuintir Riain [Ruaidhrí] ina geónaí ann a mheas sé a bhí i geeist sa dán Ag Tarraingt ar Aonach na gCoirríní (Ó Foghludha, 1937, x-xi.). Ó dháta an aonaigh i gceapadóireaeht Uilliam English, áfaeh, is é is dóiehí gur do na Coirríní, gar do Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí, a bhí an file ag tagairt (féaeh Uimh. 8). D'áitigh an Foghludhaeh: Ar ehómhghar an tsráid-bhaile sin Cheapaeh an Fhaoitigh do bhí teaghlaigh de mhuinntir Inglis go raibh gaol aea le muinntir Riain [Ruaidhrí]. (Ó Foghludha, 1937, x) Is díol suntais na háiteanna a raibh eónaí ar dhaoine a raibh an sloinne English, Englyshe, Engles, Engleshe, Englis, nó Inglishe orthu, de réir Fiants ré Eibhlís a haon. Tá naeh mór nóeha tagairt do dhaoine den sloinne úd in index an tsaothair. I dtaea leis na daoine de, a bhfuil a n-ionad eónaithe luaite, is i gCo. Thiobraid Árann a bhí a bhformhór mór ag eur fúthu. Bhí eónaí ar a bhforrnhór sin arís in dhá eheantar ar leith laistigh den ehontae, (a) eeantar Ard Fhíonáin agus na Cathraeh i mBarúntaeht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thiar i dTiobraid Árann thiar theas, agus (b) paróistí Shulchóid Bheag agus Mhór atá i geoigríoeh Cho. Luimnigh, i mBarúntaeht Chlann Liam, taobh thuaidh de bhaile Thiobraid Árann, agus taobh theas den Cheapaeh thuasluaite. Seo roinnt samplaí ón dá eheantar (tá an bhliain idir lúibíní i ndiaidh gaeh tagairt): (a) 'John Englishe of Ballendouny' (1576), nó Baile an Donaigh i bParóiste Ard Fhíonáin; 'Patr. English of Ballyea' (1601), nó Baile Dí Aodha idir Ard Fhíonáin agus An Chathair; 'Wm. Englishe fitz Jonaky of Kilcoman'
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 29 (1576), nó Cill Chomáin i bParóiste na Cathrach; (b) 'William lith English of Salloghodbeg' (1587), nó Sulchóid Bheag; 'James reogh Englishe of Solcote' (1577); 'Wm. Fitz Walter English of Rahynenycorr' (1577) - (ionann is An Ráithín i bParóiste Shulchóid Bheag, dar linn). Tá cáipéisí eile ag cur leis an eolas sin. In Calendar of Ormond Deeds (Imleabhar III), cuir i gcás, luadh 'Thomas and Patrick Engleys' i measc tionóntaithe saora Offathe (Uí Fhathaidh) timpeall 1432 (Curtis, 1935, 92). Sa téacs ar a dtugtar Census of Ireland cirea 1659, bhí 'English' áirithe ar cheann de na 'principall Irish names' i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh, agus i mBarúntacht Chlann Liam j. na barúntachtaí ina bhfuil Ard Fhíonáin/An Chathair agus an dá Shulchóid fá seach (Pender, 1939, 314 agus 328). Ní raibh tásc ar éinne den sloinne sin i gCo. Luimnigh ag an am. Ag díriú ar dhúiche Shulchóide, ba dhaoine den sloinne 'English' na príomhúinéirí talún i bParóiste Shulchóid Bheag sa bhliain 1640, de réir Civil Survey Cho. Thiobraid Árann (Simington, 1934, 54-5). Ba iad a n-ainmneacha, 'George, Eustas, W[illia]m, James, Piers'. Tuairiscítear go raibh tithe le tinteáin ag 'John, Richard, Phillip, Patrick, James, Redmond, Gibon, Morish agus William English' i bParóiste Shulchóid Mhór sa bhliain 1667 (Laffan, 1911, 114-116). Luaitear daoine den sloinne céanna a raibh cónaí orthu in aice Shulchóide an bhliain úd, 'William English' ó Thobar Bhriain idir Sulchóid Bheag agus Baile Thiobraid Árann, cuir i gcás (Laffan, 1911, 117), nó 'W[illia]m English' ó Gharrán an Cheantaigh, láimh le baile Thiobraid Árann, an bhliain roimhe sin (Laffan, 1911,65). Cuireadh tús leis an gclann i mBarúntacht Ó gCuanach, Co. Luimnigh, taobh thiar de Shulchóid, nuair a pósadh duine díobh le bean de mhuintir Gilhooley, i mBaile na gCailleach, cóngarach don Bhóthar Rua, agus is den sliocht sin na hamhránaithe Nóirín, John agus Owen Gilhooley a saolaíodh i Lios na Graí, Co. Luimnigh. Tá sé i seanchas na clainne gur phós James English ón mBóthar Rua Margaret Rogan, iníon 'Galloping' Rogan, a threoraigh an Sáirséalach ó chathair Luimnigh go Baile an Fhaoitigh (féach
  • 30 CANFAR AN DÁN Culligan-Hogan, 1979). Deir muintir English, leis, gur ehaith an tÓgánaeh oíehe leis an gclann, ar an mBóthar Rua, ar a shlí abhaile. Tuairiscítear sna Tithe Applotment Books go raibh eónaí ar John English agus Michael English ar an mBóthar Rua, go raibh Pat English i bPailís Ghréine, agus go raibh Thomas English, agus Thomas English sóis. i dTeampall Dí Bhrídeáin thart faoin mbliain 1830. Láthraíonn an tAth. Ó Mathúna an bheirt Tomás thuasluaite ar an gCnoeán Dúlas, i bParóiste Theampaill Uí Bhrídeáin, ar theorainn Thiobraid Árann, sa bhliain 1834 (féaeh O'Ferrall, 1975, 100). Sa lá inniu, maireann slioeht mhuintir English, a dhein an ehraobh ghinealaigh a sholáthar dúinn, i geathair Luimnigh, i dTeampall Uí Bhrídeáin, agus ar an mBóthar Rua i gCo. Luimnigh. Tá sé i seanehas na muintire sin go raibh múinteoirí i bhfad siar orthu, ag teagase i mBaile an Chaisleáin, eóngaraeh don Bhóthar Rua. Tar éis ar chan Uilliam English faoi Chnoe Gréine, agus i bhfianaise an eolais thuas, tharlódh gurbh eisean, nó a athair, duine de na múinteoirí sin: there was then to be found in the parish of Castletown one old Mass House, three Popish sehoolmasters, one Priest ... (Returns on Popery, 1731) Tá tráeht ar Edmund English a bheith ina mhúinteoir i nDún na Seiath, Co. Thiobraid Árann, timpeall na bliana 1740 (Coreoran, 1932). Faightear leae uaighe sa tSu1chóid do 'William English' a eailleadh sa bhliain 1769, agus dá mhae Laurenee, a fuair bás sa bhliain 1773. An garmhae, William, a thóg é, agus ráineodh gur den ehlann sin an file. Bhí gaol pósta idir an ehlann sin agus muintir Riain . [Toby], mar atá le léamh ar leae uaighe eile sa reilig ehéanna. In aigne an Fhoghludhaigh freisin, bhí eeangal idir sloinne an fhile agus a áit bhreithe i gCo. Thiobraid Árann: Dubhairt Eoghan Ó Comhraighe gur dhen tsloinne U a Riain an file le eeart agus níl éan agó ná go raibh baint éigin ag an dá shloinne le n-a ehéile, maidir le Liam. (Ó Foghludha, 1937, x) Serúdaigh an Foghludhaeh euntas ar an Áireamh a rinneadh ar
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 31 Chlochar na mBráithre de Ord San Aibhistín i gCorcaigh sa bhliain 1766, in Oifig na nAnnála Poiblí i mBaile Átha Cliath, agus ní raibh ainm Uilliam English ann - cruthú eile, dar leis, nach raibh aithne air faoin sloinne 'English' sa Chlochar (Ó Foghludha, 1937, x). Is faoin sloinne 'English', áfach, a aithníodh sna lárnhscnbhinní i gcónaí é. Faoin ainm 'Uilliam English' a scríobhadh an dán M'atuirse Traochta na Fearchoin Aosta sa lárnhscríbhinn Ac.R.É. 23 I 20, 68, ar bhreac Conchúr Ó Súilleabháin cuid de sa bhliain 1754, i gCillín an Chrónáin, i bParóiste an Teampaill Ghil, Co. Chorcaí. Bhíodh Cúirt Éigse sa Teampall Geal a ndéanadh an scríobhaí freas tal uirthi, (Ó Conchúir, 1982, 178), agus cá bhfios nach mbíodh Uilliam English i láthair chornh maith? 'Uilliam English' a ghlaoigh Seon Lloyd air sa bhliain 1756 (L.N. G 136, 61), fad a bhreac Muiris Camshrónach Ó Conchúir sÍos é mar 'an tAthair Uilliam Einglish' (L.N. G351, 85). An scríobhaí ba thúisce a chuir an fhilíocht ar Chogadh na Seacht mBliain ar phár, ba é Stiabhna Mac Coiligin é, agus ní raibh amhras air ná gurbh é 'an tAthair Uilliam English' a chum í (Ac.R.É. 23 C 3). Diarmaid Ó Mao1chaoine a scríobh an lárnhscríbhinn Ac.R.É. 23 L 24 i gCaisleán Hanraí, Co. an Chláir idir 1766 agus 1767, a chéadbhreac mar 'Uilliam Inglis OSF' é. Bhí breall air faoin Ord lenar bhain an file, áfach. Iarracht a bhí san 'Inglis' sin, is dócha, chun a shloinne a litriú de réir na foghraíochta. Meascán de 'EnglishlInnlislInglis/ Inglish' a fheictear sna lárnh- scríbhinní ó shin i leith, ach gur ghlaoigh Seon Lloyd 'An tAthair Uilliam Gallda i gCorcaigh' air, ar 1ch. 342 den lárnhscríbhinn Ac.R.É. 24 C 55. Thall i Chelsea, Massachussetts, mar ar bhreac Pádraig Feirtéir cuid den scríbhinn a nglaoitear B.Á.C. Feir 1 uirthi anois, leag sé an dán Is Déarach an Bheart ar 'Uilliam Englis', fad a ghlaoigh Tadhg Ua Donnchadha 'Uilliam Inglis' ar an bhfile sa bhliain 1895 (T81 [T.v], 1ch. 117). Chuir an tAth. Seán Ó Briain Barántas amach chun breith ar Sheán Ó Lúba 'agus é a chur cean- gailte cruachuibhrithe chuige féin go Caisleán Ó Liatháin', agus i mease na bhfilí a bhí le teacht chun na Cúirte sin bhí an 'gliaire cumais Uilliam de.Bhriotaibh' (Ó Fiannachta, 1978, 69). Imeartas focal ar 'English' a bhí ansin, ní foláir. Mar seo a fógraíodh bás an fhile sa Freeman's Journal sa bhliain 1778:
  • 32 CANFAR AN DÁN 22 Jan. died a few days ago in Corke the Rev. William English (Brady, 1965, 188). Tá breith a bhéil, nó a phinn féin againn gur 'English' ba shloinne dó, mar sa leac uaighe a cuireadh suas i reilig Eoin, Sr. Dhúglaise do bhráithre an Oird scríobhadh: Fr Gulielmus English fieri fecit Is i reilig Naomh Iósaef i gCorcaigh atá an leac sin anois. Luaitear 'Father William English' go rialta sna nótaÍ i House Book an Chlochair ón mbliain 1749 ar aghaidh. Is faoin ainm sin a fógraíodh a bhás ann in iontráil na bliana 1778. Nuair a scríobh William Battersby stair an Oird thagair sé don fhile mar 'William English' (Battersby, 1856, 188). Sa bhliain 1816, áfach, bhreac Maolsheachlainn Ó Comhraidhe mar choIafan ar an lámhscríbhinn M.N. CIS, 83: 'Uilliam Inglis j. Ó Maol Riain cct.' B 'shin a chuir breall ar an bhFoghludhach. D'fhreagair Nicholas O'Kearney é sa bhliain 1846: Mr. Eugene (sic) Curry says the name of English or Gallóglach was not the real writer's name but Ryan. (Ac.R.É. 23 E 12,91) D'áitigh O'Kearney, áfach, nach raibh an ceart ag Ó Comhraidhe (féach na nótaÍ ar Uirnh. 30). Is fada siar a théann an sloinne 'English' in Éirinn. ScrÍobh Edward Mac Lysaght go raibh sé i gCo. Luimnigh ón trÍú haois déag; gur TAngleis' a ghlaoití air ar dtús, agus gurbh 'Aingléis' an fhoirm Ghaeilge de (Mac Lysaght, 1957,99). Father William English (d. 1778) a Limerick man associated with Co. Cork, was one of the best of the eighteenth-century poets. (Mac Lysaght, 1982, 92)
  • 1. An tAth. Uilliam English
  • 2. Cnoc Gréine 3. Altóir na Maighdine Muire, i Mainistir na nAibhistíneach, Fiodh Ard, Co. Thiobraid Árann. Ina haice atá an tEaspag de Buitléir (ob. 1800) curtha
  • 4. Uaigheanna mhuintir English, sa tSulchóid, Co. Thiobraid Árann 5. Fothrach Theach an Aifrinn i mBaile an Chaisleáin, gar don tSulchóid
  • 6. Seán, Ridire an Ghleanna (ob. 1737)
  • 7. Maria Therese na hOstaire (1717-1761)
  • 8. Elizabeth na Rúise (1709-1 761)
  • · ~ I .In\" · ',." a Il Ct/'. !i()I/.'1!'(t. tl/:¡;m,r / /,;,. 9. Maximilian Ulysses Browne (1705-1757)
  • 10. Mapa de Chathair Chorcaí (de Rocque, 1773)
  • Il. Maurice Count Lacy (1725-1801)
  • 12. Leopo1d Count von Daun (1705-1766)
  • 13. Teach Noel Mac Cormick, Pailís Ghréine. Ba sa suíomh sin a chónaigh Domhnall Ó Meára 14. Leac Uaighe na mBrianach i reilig na Sean-Phailíse
  • 15 . Leac Uaighe mhuintir English, sa Spidéal (Sunglen), Co. Luimnigh 16. Leac Uaighe rnhuintir English ar an mBóthar Rua, Co. Luimnigh
  • 17. An Leae a thóg Uilliam English, sa bhliain 1765, i Reilig Eoin, Sr. Dhúglaise, Coreaigh, in onóir na nAibhistíneaeh a ehuaigh roimhe. Is i Reilig Naomh Iósaef, Coreaigh, atá sí anois 18. An leae ehéanna lena haghaidh nua Orate pro FFbVSAugustinia Requiescant in pace. Amen. F~ Gulielmus English flet'1 feci·t.A~? Dom" '765.
  • 19. Mainistir na nAibhistíneach, Corcaigh (1872-1937)
  • 17. An Leac a thóg Uilliam English , sa bhliain 1765, i Reilig Eoin, Sr. Dhúglaise, Corcaigh, in onóir na nAibhistíneach a chuaigh roimhe. Is i Reilig Naomh Iósaef, Corcaigh, atá sí anois 18. An leac chéanna lena haghaidh nua Orate pro FFbVSAugustinia flec¡uiescant in pace.Amen. F~ Gulielmus English fler, fe c i"t. A~? Dom" '765.
  • 19. Mainistir na nAibhistíneach, Corcaigh (1872-1937)
  • 20. An mhainistir níos déanaí 21. Fothrach rnhainistir na nAibhistíneach i bhFiodh Ard, faoina bhfuil na Buitléirigh (Dunboyne) curtha
  • CÚLRA NA FlLÍOCHTA 33 Bhí daoine den sloinne i gCo. Thiobraid Árann sa tríú haois déag chomh maith: 'Thos le Engleys', mar shampla, atá luaite faoin mbliain 1286 in Calendar of Documents, Ireland, 1285-1292 (Sweetman, 1879, 122), nó 'Thomas le Engleys' a bhí i seilbh 'Maghenywyr, Fynnoure and Clonymolynton' go sonrach sa bhliain 1299 de réir Calendar of the Justiciary Rolls of Ireland (Mills, 1905, 295). Is ionann 'Fynnoure' agus Fionnúir in oirdheisceart an chontae, de réir dealrairnh. Is faoi na ceannfhoirrneacha 'English, Inglish' a chláraigh P.H. Reaney an sloinne in A Dictionary of British Surnames (1961, 110). Thug sé foirmeacha luatha den sloinne as Sasana - 'le Engleis', cuir i gcás, ón dara haois déag, agus léirigh sé gur foinn stairiúil Albanach ba ea 'Inglis[h]'. Ba iad na foirmeacha Gaeilge den sloinne a thug an tAthair de Bhulbh ná 'Aingléis, Ingléis, lnglis' (Woulfe, 1923,221 agus 300). 'Aingléis' an t-aon fhoirm Ghaeilge de atá ag Mac Lysaght sa saothar thuasluaite. Foirm Ghaeilge den sloinne is ea 'inghean an Ridire Ainglisigh', dealraíonn sé, ón Leabhar Muimhneach, Ich. 362. Mar a chonaiceamar, ní guta fada ach guta gearr atá sa siolla deiridh de shloinne an fhile de réir scríbh- inní an I 8ú agus an 19ú haois. Measaimid gur díol comparáide leagan an fhoircinn ghairid leis an sloinne 'Wallis, Wallace', atá díorthaithe ó na foirmeacha Angla-Norrnannacha 'Waleis, Walais', a chiallaíonn 'Ceilteach' nó 'Breatnach' (Reaney, 1961,341). Tá foirm Ghaelaithe den sloinne úd caornhnaithe i Scairt Bhaile an Bhailisigh, an seanainm a bhí ar bhaile fearainn na Scairte i mBarúntacht Chlann Liam, i gCo. Luimnigh, leithéidí 'Scarte Ballyn Wallishoe' (ón mbliain 1655), 'Scartbally Willashagh' (ón mbliain 1685), agus sam- pI aí stairiúla nach iad (féach Ó Maolfabhail, 1990, 243-4). Fágtar an focal scoir, más ea, ag an bhfile féin a d' áitigh i ndán dá chuid: 'Is English mo shloinne 's ní shéanfad go brách, a lúibín na cruinne 's a chéad searc mo ghrá.' (Uimh. Il, línte 21-22)
  • 34 CANFAR AN DÁN Uilliam English sa Chlochar aide scoile ba ea Uilliam English ina óige, de réir an tseanchais. Níorbh é an Ráth an t-aon áit amháin a ndeirtear a mhúin an file, mar go bhfuil sé sa seanchas go raibh sé ina oide ag Edmund Burke, leis. Scríobh Conor Cruise O'Brien mar leanas: lt is virtually certain that the Nagles, like other Catholic fami- lies, who managed to hold on to some land, would have had a c1andestine priest, either a secular or a regular, living under their protection. Indeed, local tradition maintains that the young Burke was taught by Father William Inglis (1709-1778) an Augustinian. (O'Brien, 1992,22) Chaith Edmund Burke a óige le muintir a mháthar, na Nóglaigh, sa Bhaile Dubh, Co. Phort Láirge. D' aistrigh sé go scoil Quaker, i gCo. Chill Dara, sa bhliain 1741, in aois a dhá bhliain déag. Mar sin, más fior gur mhúin Uilliam English é, is féidir a rá gur chaith sé tréimhse sa Bhaile Dubh timpeall 1735. Múinteoir den scoth ba ea é, más dó a bhí an Búrcach ag tagairt nuair a dúirt sé gur fhoghlaim sé níos mó Laidine agus Gréigise ón 'obscure schoolmaster on the banks of the Nore' ná mar a fuair sé san Ollscoil féin (Milner, 1808, 184). Luíodh na dátaí sin le fianaise inmheánach an dáin Faoin Uair a Dhruideas chun Fírinne ar Fónamh, ina n-áitíonn an file go raibh sé ar an drabhlás i ndúthaigh an Bharraigh Mhóir, ach gur tháinig sé ar a chéill i Múscraí! (féach Uimh. 4) . . Níl aon ~as ná go raibh Uilliam English ina shagart Aibhistíneach agus ina Phrióir ó am go chéile sa Chlochar ag Seamlas an Éisc, i gCorcaigh ó lár na haoise go dtí a bhás ann sa bhliain 1778. Is deac- air a dhéanamh amach cár oirníodh é, áfach. Risteárd Ó Foghludha a d' áitigh ar dtús gur seoladh chun na Róimhe é, chuig Mainistir Aibhistíneach San Matteo, i Merulana idir 1743-44, agus gur fhan sé ann gur deineadh sagart de i dtosach na bliana 1749 (Ó Foghludha, 1937, xvii). Scríobh an tAth. Cullen faoi:
  • CÚLRA NA FILÍOCHTA 35 Liam was received and sent to study in Rome, where his c1assi- cal learning helped him. In 1749 he returned to Cork, Fr. William English. (Cullen, 1959, 24) Ghlac an tAth. Francis Xavier Martin leis gur oirníodh sa Róimh é freisin (Martin, 1994, 15). Bhí a théis bunaithe ar fhianaise an Fhoghludhaigh. Is í tuairim Dhiarmuid Dí Chatháin faoi ná: Having completed a novitiate, presumably, he was sent to Rome for studies and pursued his philosophical and theological studies at San Matteo in Merulana, in Via Merulana, the street which connects the Basilicas of S. Maria Maggiore and St. John Latern. (Ó Catháin, 1995, 135-136) Bhí Éamon Ó Ciardha ag brath ar an bhFoghludhach chomh maith nuair a scríobh sé faoi English: He left for the monastery of Medano (sic) in Rome in 1743-4 where he eventually received holy orders in 1749. (Ó Ciardha, 1998, 18) Ní raibh aon amhras ar Liam Ó Buachalla ná gur fhill Dilliam English ón Róimh go Corcaigh i mbád de chuid Dháith Dí Ghlasáin ón Áth Fhada, mar gur chaoin sé a bhás sa dán A Dháith Dí Ghlasáin (Ó Buachalla, 1958,34, agus féach Uimh. 28). Bíodh gur tháinig na hAibhistínigh go hÉirinn timpeall na bliana 1280, agus gur leath siad ar fud na tíre, níor bronnadh teach orthu sa Róimh go dtí an bhliain 1656. Deineadh géarleanúint orthu in Éirinn le linn Chromail, dála na nOrd eile. Cuireadh an tAibhistíneach, James Mac Carthy, i gceannas San Matteo sa bhliain 1656, ar ordú an Phápa, Alexander VII. Bhí slí ann do chúigear mac léinn ag an am. Ach sa bhliain 1661 ba iad na hAibhistínigh Iodáileacha a bhí chun cónaithe ann. Níor tugadh ar ais é i seilbh na nGael go dtí an bhliain 1739, nuair a d'iarr an Stíobhartach, Séamas III mar achainí ar an bPápa é. Bhí lámh istigh, de réir dealraimh, ag an am ag na

canadá ganso usa
canada goose aviator cappello
гусар
mens canada goose giacca
foto d'oca